- Gaeilge
- >
- Rang aireachais agus suaimhnis
Rang aireachais agus suaimhnis
Is rang aireachais uair an cloig é seo atá feiliúnach do dhaoine le Gaeilge mhaith. Cabhróidh an rang seo le strus agus buairt a laghdú. Déanfaidh sé maitheas de do chodail agus cabhróidh sé leat aithne níos fearr a chur ort fein.
Beidh an rang go maith do dhuine le cleachtadh aireachais cheana féin nó do dhuine atá ag tosú amach.
Tá trí phíosa aireachais mar chuid den rang. Bíonn muid dírithe ar an gcolainn agus ar an gcaoi go mothaíonn muid sa chéad phíosa.
Sa dara phíosa déanann muid físiú ina mbíonn muid ag cruthú íomhá agus áit inár gcloigeann.
Sa tríú phíosa bíonn muid dírithe ar rudaí maithe a tharla. Bíonn muid ag smaoineamh ar conas a mhothaíonn sin inár gcolainn agus céard atá ag tarlú ionann agus muid ag cuimhniú ar rudaí maithe.
Tá na píosaí ar fad treoraithe go hiomlán agus is álainn an bronntanas é duit féin nó do dhuine eile an uair an chloig sé a chur ar fáil duit féin, leat féin.
Ní le hathdhíol
©Solas Relaxation 2023