Cuireann muid ranganna ar fáil do gach aoisghrúpa; ó pháistí 4 bhliain d'aois suas go daoine fásta. Bíonn ranganna éagasúla ann d'aoisghrúpaí éagasúla; páistí bunscoile, déagóirí agus daoine fásta. Is féidir linn gach rang a chur ar fáil i nGaeilge agus Béarla.
Déan click ar an nasc thíos le tuilleadh a fháil amach faoin aoisghrúpa a bhfuil suim agat ann. |
Leanann muid struchtúr ranganna Relax Kids sna ranganna seo. Le linn gach rang tógann muid na páistí ó imeachtaí spraíúil a bhfuil a lán fuinnimh ag teastáil go himeachtaí agus cluichí níos suaimhní. Úsáideann muid ár lámha agus síneann muid amach ár gcolainn agus ag deireadh gach rang luíonn na páistí síos ar an talamh agus éisteann siad le ceol bog agus déanann siad píosa aireachais.
Bímid ag obair in bunscoileanna, clubanna óige agus campaí samhraidh. Déanann muid sraith ranganna 8 seachtain in scoileanna. |
Le linn na ranganna seo labhraíonn muid faoin éifeacht a bhíonn ar strus ort go fisiciúil. Faigheann na daoine óga tuisceant ar an mbealach gur féidir leis an aireachas cabhrú leis sin. Úsáideann muid ceol agus bia le dul i bhfeidhm ar na daoine óga. Labhraíonn muid ar na suimeanna atá acu agus tagann sin istigh sna ranganna freisin.
Bímid ag obair in meánscoileanna, clubanna óige agus campaí samhraidh. Déanann muid sraith ranganna 8 seachtain in scoileanna. |
Cuireann muid dhá chineál cúrsa ar fáil do dhaoine fásta. Cúrsaí cleachtais 6 seachtain agus cúraí 8 seachtain do dhaoine atá faoi strus nó ag fulaingt le fadhbanna sláinte.
"Katie is very approachable and is an extremely competant facilitator. She clearly knows her subject and practices what she preaches." Colette, participant of 8 week Mindfulness for Stress course "Katie is brilliant. She brings a calmness and creates a kind, open and non-judgemental enviroment for the students to learn about mindfulness and it's practice." Elaine, participant of a 6 week mindfulness course in Belfast |