Is comhlacht suaimhnis agus aireachas é Solas Relaxation. Cuireann muid ranganna suaimhnis agus aireachais ar siúl do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. Bíonn muid ag múineadh faoin gcomhlacht Relax Kids nuair atáimid ag obair le páistí faoi 12 bhliain d'aois.
Bhunaigh Katie McGreal an comhlacht i 2014 nuair a thosaigh sí ag múineadh ranganna Relax Kids i mBéal Feirste. I ndiaidh sin rinne sí traenáil leis an eagraíocht Sasanach, Breathworks le cúrsaí aireachais a mhúineadh do dhaoine fásta. Anois, bíonn sí ag múineadh cúrsaí 8 seachtain do dhaoine fásta dárbh ainm Aireachas agus an Strus agus Aireachas de do Shláinte. Is féidir léi ranganna cleachtais a reachtáil do dhaoine fásta go seachtainiúil freisin.
I 2019 bhog sí go Cathair na Gaillimhe agus thosaigh sí ag múineadh i nGaeilge in scoileanna i gConamara a bhuíochas le Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Tá an Ghaeilge i gcroílár an chomhlachta seo. Gach rang a chuireann muid ar fáil is féidir linn é a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge. Baineann teanga na tíre seo le oidhreacht, stair agus cultúr. Is cuid dúinn í an Ghaeilge agus táimid an-sásta anseo ag Solas Relaxation na ranganna seo a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge ina dteanga féin.