Mí na Samhna cheana féin! Agus tá mise go fóill ag snámh san fharraige! Seo an chineál smaoineamh a bhí agam nuair a thosaigh mé; go mbeadh sé iontach dá má rud é gur mise ceann de na daoine sin a bhíonn ag snámh san fharraige le linn na bliana ar fad ach anois tá mé ag smaoineamh b’fhéidir go bhfuil mé beagán as mo mheabhair. Agus b’fhéidir go bhfuil...
It’s November already! And I am still swimming in the sea! The thought I had when I started swimming was that it would be great if I could be one of those people who swims every day throughout the year, now I’ve reached the swimming in winter and I’m wondering if my sense has left me altogether...maybe it has... Thosaigh mé le linn an samhraidh agus anois tá mé mar chuid de ghrúpa bean a bhuaileann le chéile uair sa tseachtain le dul ag snámh, agus téann cuid againn níos minice ná sin. Lean mé mo chroí anseo go Gaillimh agus isteach san fharraige agus anois tá cairde agam dá bharr. An chomhairle atá agam daoibh mar sin ná do chroí a leanúint, i gcónaí! I started swimming during the summer and now I am part of a group of women who meet once a week to swim, and some of us swim more often then that. I followed my heart to Galway and then all the way into the sea and here we are now; with new friends being made during a pandemic. Huzzah! So my advice to everyone is to follow their heart, always! Sin ar fad ráite, de réir mar a éiríonn na laethanta níos giorra tá níos mó tuirse ag teacht ormsa! Bhuel, níl a fhios agam an mbaineann an tuirse leis na hoícheanta dorcha nó díreach go raibh mé ag obair go dian le cúpla seachtain anuas agus ag dul i ngleic le go leor rudaí eile...pé cúis atá ann tá mé scriosta! Agus tá mé ag siúl go mór leis an Satharn a thógáil saor go hiomlán. Bhí mé in ann an Céadaoin a thógáil saor freisin agus cabhraigh sin go mór, ach ní leor lá amháin! Beidh orm é a thógáil go réidh le cúpla seachtain sílim agus ní cheart go mbeidh sin ródheacair agus muid i lár dianghlasála a dó! Ach fós féin, leis an obair ar fad atá ar bun againn ar líne, caithfimid a bheith cúramach go dtógfaimid sosanna, go háirithe muna bhfuil tú cleachtadh le bheith ag obair ón mbaile! All that being said, as the days get shorter, I get more and more tired. My tiredness may be down to the dark or it may a result of a really intense workload these past few weeks and a lot to process at the same time, but whatever the reason is I cannot wait to take tomorrow off! I took Wednesday off this week as well and it was great! But one day was definitely not enough! I’m really going to be mindful over the next few weeks and try to generally take things easy, which shouldn’t be too difficult considering we’re in Lockdown Round 2 but with everything transferred to online I’m still pretty busy! Which is a reminder to us all to remember to take breaks and to take time off, especially for those of us not used to working from home. It can be so easy to do more work then you would usually because you’re doing it all from home! Tá cúrsa nua do dhaoine fásta ag tosú agam an tseachtain seo chugainn agus is cúrsa iontach é d’éinne a bhíonn deacrachtaí acu sosanna a thógáil. Creating Inner Calm through Mindfulness is ainm den chúrsa agus tugann sé deis do na rannpháirtithe spás ina dteach féin a aimsiú leis an aireachais a dhéanamh ar feadh uair an chloig ar feadh sé seachtain. Cabhraíonn an cúrsa le héinne a bhíonn deacrachtaí codalta acu, daoine a bhíonn ag smaoineamh go leor. Nuair a bhíonn tú féin níos ciúine agus níos socraithe bíonn an domhain thar timpeall ort níos ciúine agus níos moille. I have a new adult course starting next week that might be of interest to those of you that find it difficult to take time off. Creating Inner Calm through Mindfulness gives the participants the chance to find a suitable quiet and comfortable space in their own home to practice sitting in quiet and calm for one hour a week for six weeks. This course can help with difficulty sleeping, busy minds that won’t quieten and anxiety. When our inner world is calmer and quieter than our outer world becomes calmer and quieter. Tá tuilleadh eolais ar an gcúrsa ar fáil anseo agus cuir scéal chugam más suim leat ann agus is féidir linn é a phlé. There is more information about this course available here and if anyone is interested send me a message and we’ll have a chat about it.
0 Comments
Your comment will be posted after it is approved.
Leave a Reply. |
AuthorKatie McGreal, bunaitheoir Solas Relaxation/the founder of Solas Relaxation Categories
All
Archives
September 2021
|