Tá Lá na Máithreacha ar an Domhnach! Agus mar sin beidh mé ag caint ar mháithreacha agus aireachas sa bhlag seo! Chomh maith leis sin, tá mo chead chúrsa eile do dhaoine fásta le tosú i ndiaidh na Cásca agus b’fhéidir go mbeidh suim ag cuid de na máithreacha sin ann. Just Relax for Adults is ainm don chúrsa mar beimid ag ligint ár scíth, ag tógáil sosa agus ag suigh linn féin ar feadh uaire an chloig in aghaidh na seachtaine. Sa bhlag seo tá mé ag iarraidh labhairt faoin maitheas a dhéanann cleachtadh aireachais do mháithreacha agus faoin éifeacht maith a bhíonn aige ar an teaghlach ar fad.
Mother’s Day on Sunday and I have started advertising my next adult mindfulness course. This course is called Just Relax for Adults as relaxing, resting and sitting with ourselves is a lot of what we will be doing so for this blog I want to talk a little about the benefits of mindfulness for mothers and how taking time out for yourself. Tá sé ríthábhachtach go dtugann muid aire dúinn féin, ní rud é gur féidir leat neamhaird a dhéanamh air ar feadh rófhada agus mar sin, má tá aon mháithreacha amuigh ansin ag mothú ciontach toisc go siad ag smaoineamh ar rud éigin a dhéanamh dóibh féin, beidh ort neamhaird a dhéanamh ar an mothúchán sin. Más duine agus máthair níos séimhe thú déanfaidh sé maitheas don chlann ar fad! Mar a thuigfidh tú ar ball. Self-care is essential, not a luxury, so anyone feeling any mum-guilt needs to push it aside because you practicing mindfulness, self-care and relaxation can actually benefit your whole family. Toisc go mbímse ag obair le páistí agus máithreacha go minic cloisim go leor cainte ó na máithreacha sin faoin a bheith ag mothú ciontach. Mothaíonn siad ciontach toisc go bhfuil faitíos orthu go ndúirt siad nó go ndearna siad rud éigin mícheart, bíonn siad buartha go bhfuil na páistí ag cailliúint amach ar am lena gcairde, tá eagla orthu nach bhfuil an bia a chuireann siad ar fáil maith go leor, nó go bhfuil siad ar scáileáin rófhada...agus leanann sé ar aghaidh. Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil seo ar fad in intinn máithreacha cheana féin, luíonn sé le ciall go mbeadh siad ag mothú ciontach agus iad ag iarraidh ama leo féin, ar mhaithe leo féin. Mum-guilt is something I’ve heard every mother talk about in my classes. They feel guilty that they may have said or done the wrong thing, they worry that their child is missing out on essential developmental and social activities, they worry if they are providing the most nutritional food, or the amount of screen time their child consumes. The list goes on. All of this guilt and worry that that mothers are experiencing means that it is no surprise that when it comes to taking time out for themselves so many experience the mum guilt all over again. Dúirt dalta a bhí i mo chúrsa deireanach do dhaoine fásta gur mhothaigh sí ciontach gach seachtain nuair a bhí uirthi a hiníon a fhágáil lena athair agus í ag teacht chugainn don chúrsa. Mhothaigh sí go dona agus í ag iarraidh rud éigin a dhéanamh dí féin nuair a bhí sé ‘de cheart’ aici a bheith lena hiníon. A student in my adult Cultivating Inner Kindness course told me this week that every time she has to leave her daughter with her dad in order for her to attend my course, she feels guilty. She feels bad for doing something for herself when she ‘should’ be with her daughter. Lean an dalta céanna ar aghaidh ag teacht go dtí na ranganna, in ainneoin an mothúchán seo agus bheartaigh sí teacht go dtí an cúrsa ar an gcéad lá mar thuig sí go ndéanfadh sé maitheas di féin agus dá hiníon dá má rud é go raibh sí féin ag cleachtadh aireachais. Thuig sí go gcruthóidh sé atmaisféar níos síochánta ina hintinn féin agus mar sin go mbeadh atmaisféar níos síochánta sa teach dá hiníon. Ach níl an tuiscint sin ag gach duine agus sin an fáth go bhfuil mise anseo daoibh! The student continued coming to the classes and even signed up in the first place because she knows that her practicing mindfulness creates a calmer, more peaceful mind for herself and then in turn she is able to provide a calmer atmosphere for her daughter to live in. However, not everyone is aware of this so I’m here to help you! Laghdaíonn cleachtadh aireachais strus agus buaireamh. Cruthaíonn sé atmaisféar síochánta agus socair istigh ionat féin. Le linn an chleachtaidh, bogann muid ár n-aird amach as ár gcloigeann gnóthach agus isteach sa cholainn. Tugann muid aird dár gcosa, ár lámha agus go dtí an anáil. Níl tú in ann a bheith ag smaoineamh ar rudaí difriúla má tá d’aird ar do cholainn agus ar an méid atá ag tarlú istigh ionat féin ag an nóiméad sin. Tá fianaise ann a léiríonn má tá duine amháin sa teach ag cleachtadh aireachais airíonn gach duine eile sa teach difir. Mindfulness helps to relieve stress and anxiety and it creates a sense of peace and calm as we move our attention out of our ever-busy mind and into our physical body. It has been proven that if one person in the household practices mindfulness that it benefits everyone in the household. Agus tú airdeallach ar do cholainn agus an bealach go n-airíonn sé tosaíonn tú ag tabhairt faoi deara go dtagann na smaointe chugat ar aon nós. Le linn an chleachtaidh táimid ag iarraidh fios a bheith againn go bhfuil na smaointe ann ach níl muid ag iarraidh ligint dóibh smacht a bheith acu orainn. Tarlaíonn sé rómhinic dúinn ar fad go mbíonn muid ag smaoineamh ar rud éigin agus ní a fhios againn conas ar tháinig muid ar an ábhar sin. Más féidir linn ár smaointe a aithint ciallaíonn sé sin gur féidir linn seasamh siar uathu agus breáthú orthu agus le cleachtadh agus le himeacht ama beidh tú in ann an cleachtadh sin a thabhairt amach sa saol agus beidh sé níos fusa duit seasamh siar agus smaoineamh ar do fhreagra in ionad an chéad rud a thagann chugat a rá. Bíonn muid ag iarraidh tuigmháil nach ionann ár smaointe agus an fhirinne. Mindfulness and meditation teaches us to become aware of our thoughts so that our thoughts do not have control over us. All too often we find ourselves thinking about something and we don’t even know how we got onto that subject. A mindfulness practice helps us to gain control of our thoughts. As we learn to step back from our thoughts we can become aware of how we think and what we think. This in turn results in us being able to step back from situations as they arise in our life, we can step back and assess what to say and do. We learn to respond and not to react. Samhlaigh anois gur máthair thú atá ag mothú síochánta agus séimh istigh i do cholainn agus d’intinn féin. An dóigh leat go mbeidh éifeacht ar an síocháin sin ar do chlann? Now, imagine that you are a mother who feels a sense of peace and calm in your body and mind. How do you think that peace would affect your family?
2 Comments
Creideann go leor daoine go bhfuil go leor oibre i gceist leis an aireachas a chleachtadh. Síleann siad go gcaithfidh siad rud sa bhreis a dheanamh le go mbeidh cleachtadh acu ach tá mise anseo le hinsint duit nach bhfuil sin fíor!
A lot of people think that to practice mindfulness you have to put work into it. It can be thought of as something else to add to an already full to-do list but I am here to tell you that that doesn’t have to be the case! Táimid ar fad an-ghnóthach cheana féin agus níl aon rud eile uainn sa saol le rudaí a dhéanamh níos gnóthaí! Agus leis an smaoineamh sin, le haireachas a chleachtadh ní gá duit ach a bheith airdeallach ar an méid atá tú ag déanamh cheana féin. An tseachtain seo caite labhair mé ar an gcaoi gur féidir leat suigh nó a bheith má tá tú ag iarraidh suigh síos go ciúin in áit éigin leis an aireachas a chleachtadh. Bhí mé ag déanamh tagartha do chleachtadh ar leith; nuair atá am ar leith agat le gur féidir leat suigh síos agus a bheith ciúin. Muna bhfuil am mar sin agat is féidir leat aireachas a chleachtadh ag úsáid rudaí a dhéanann tú cheana féin. We are all already really busy, we don’t need to add anything else to our lists and so that is how we can practice mindfulness. We can use something we already do and simply bring a mindful awareness to it and voila! We have a mindfulness practice! Last week I spoke about how to sit or lie when you are practicing mindfulness but that blog referred to a seated meditation practice, if that is what you have time to do or what you want to do but sitting in quiet meditation is not the only way to practice mindfulness. Mar shampla, is féidir leat cleachtadh aireachais a dhéanamh as do bhricfeasta. Bí airdeallach ar an mbia a roghnaíonn tú le hithe, bí airdeallach ar an mbealach go ndéanann tú an bia sin réidh agus mothaigh an bia sin i do bhéal, an blas, conas a mothaíonn sé agus tú críochnaithe. An ólann tú aon rud? An bhfuil an rud sin té nó fuar, cén boladh atá aige. For example you can practice mindfulness when you are having your breakfast. You can become aware of your food choices, the colours of your food, what you do in order to prepare it, how does your food taste? Do you drink anything? What does your drink of taste look like, taste like, smell like? Agus sin do chleachtadh aireachais. Ní gá duit rud mór casta a dhéanamh as, coinnigh go simplí é agus beidh sé i bhfad níos fusa duit! And that is your mindfulness practice. Please don’t make it more complicated then that, because it is not complicated! Mindfulness is simply the practice of bring awareness to what we are doing so if you bring that awareness to whatever you are doing then you are practicing mindfulness. Simple. Ag leanúint ar aghaidh ó bhlag na seachtaine seo caite tá mé ag iarraidh labhairt ar an mbealach le suigh nó le luigh agus tú ag cleachtadh aireachais. Tá go leor amuigh ansin nach aontóidh liom ach mo thuairim féin air ná bí compordach. Má dhéanann tú iarracht suigh nó luigh ar bhealach atá míchompordach beidh an cleachtadh ar fad dírithe ar do mhíchompord.
Continuing on from last week’s blog a little bit, I want to talk about how to sit or lie or just generally be when you are meditating. There are lots of people out there who will disagree with me but my thoughts on it are very simple; be comfortable. If you try to force yourself to sit or lie some why that is uncomfortable for you the whole practice will become about your uncomfort. That is all that you will be able to think about or notice. Rinne mé traenáil leis an eagraíocht Breathworks. Bíonn siad agus mé ag múineadh cúrsaí do dhaoine atá faoi strus agus daoine atá ag maireachtáil le pian. Toisc go mbíonn na rannpháirtithe sa darna cineál ranga i bpian deir muid leo iad féin a dhéanamh compordach agus is mar sin a bhím an t-aon rud a bheidh tú ag smaoineamh air. I did my mindfulness training with the English organisation, Breathworks. They and I teach mindfulness courses for people suffering from chronic stress and chronic pain. Because the participants for the pain course are already in pain, we tell them to make themselves comfortable and I personally extend that sentiment to all of my class participants. Má luíonn tú síos bíonn an buaireamh ann go dtitfidh tú i do chodail agus beidh an seans sin ann cinnte ach mas rud é gur sin an t-aon bhealach compordach atá agat le bheith ar feadh tréimhse aireachais luigh síos! Le do thoil! Má cheapann daoine go gcaithfidh siad a bheith ar bhealach ar leith nach bhfuil compordach dóibh is lú seans ann go leanfaidh siad leis an gcleachtadh. If you lie down when you meditate there is the fear that you will fall asleep but if that is the only position you can comfortably sit in for a meditation session then by all means go ahead! If people think the only way to meditate is to sit in a certain position that is uncomfortable for them they there is a high chance the will not return to meditation. I would rather they are comfortable so they may choose to continue to practice. Go bunúsach, bí compordach, cuir blaincéad ort má tá seans go n-éiríodh tú fuar, múch an fón nó fiú an fhuaim ar an bhfón agus déan iarracht a bheith in áit chiúin, rud go d’fhéadfaidh a bheith deacair faoi láthair le gach duine sa bhaile ach is fiú an iarracht a dhéanamh agus b’fhéidir iarraidh ar dhaoine a bheith beagán níos ciúine duit ar feadh tréimhse gairid. Basically, be comfortable. If you think you’ll get cold use a blanket, turn off your phone or at least the sound on your phone and try to find somewhere quiet. This however may be a challenge due to everyone being at home but maybe you could ask your household to keep the noise down and if not, try to use the sounds. Can you hear the sounds going on around you and not react, just hear them and not make up a story about them? Let me know how that goes for you! Le go mbeidh slat tomhais agat, bím féin i mo shuigh ar mo leaba nó ar an talamh agus cuirim mo dhroim in aghaidh balla le mé a choinneal díreach agus cuirim mo chosa díreach amach os mo chomhair. Sin an bealach is fearr domsa ach go bunúsach, níl bealach ar leith níos fearr ná bealach eile, déan an rud a oibríonn duitse agus beidh tú i gceart! To give you an idea, when I meditate I sit on the bed or on the floor and I lean my back against the wall. I put my feet straight out in front of me and I always use a blanket because I tend to get cold. This is a way that works for me; I am comfortable and I am warm. Find a way that works for you and stick with that. Má tá tuilleadh moltaí nó eolas ag éinne nó má tá stiúir uait i do chleachtadh aireachais tosóidh mo chéad chúrsa aireachais eile ar an Déardaoin, 8 Aibreán. Bígí i dteagmháil liom más suim leat é a phlé. If anyone is looking for more information or advice or if you’re looking for some guidance on your meditation practice I will be starting another adult mindfulness class on Thursday, 8th April so let me know if you want to have a chat about it! Dúirt duine éigin liom le déanaí “níl mé ag déanamh é i gceart é ach tá mé ag baint tairbhe as” agus an rud is coitianta a chloisim i ndiaidh na habairte sin ná “Tá mé go fóill ag smaoineamh go leor le linn an aireachais agus mar sin tá mé á dhéanamh mícheart”.
Someone said to me recently “I don’t think I’m doing it properly but I’m still enjoying it” and the most common next sentence I hear is “I’m still thinking so I’m doing it wrong.” Níl muid in ann ár smaointe a stopadh. Tá sé dodhéanta. Ní fiú duit triail a bhaint as mar cur amú ama a bheidh ann agus le linn seisiúin aireachais ní sin an aidhm atá againn. Ní drochrudaí iad na smaointe a bhíonn againn. Is iontach an rud é an smaointeoireacht. Gan na smaointe a bhíonn againn ní bheadh muid san áit atáimid mar chine daonna. D’úsáid muid an cuid dár inchinn a bhíonn ag smaoineamh le tithe a thógáil, le bia a bhailiú agus é a chócaireacht. Gan an prefrontal cortex inár inchinn bheadh muid mar moncaithe go fóill. We can’t stop our thoughts. It’s impossible so there’s no point in trying, you’d be wasting your time. But stopping our thoughts isn’t the aim of mindfulness. Our thoughts are not bad. Without our prefrontal cortex which sits on the top of our brains at the front of our heads we wouldn’t be where we are today as humans. It is thanks to our thoughts that we can build houses, cars, roads, how we are able to adapt to our environments and change as we need to, whether that means we are no longer monkeys or whether we have to adapt to living with a virus that is threatening our populations. Tarlaíonn fadhbanna len ár smaointe nuair nach bhfuil muid in ann na smaointe a stopadh. Le linn an chúrsa 10 lá ciúnais a rinne mé, a chur tús le m’aisteoir mar mhúinteoir aireachais agus suaimhnis dúirt siad linn go rialta go raibh muid ag iarraidh smacht a fháil ar ár smaointe mar go dtí go bhfuil smacht againn ar na smaointe beidh smacht acu orainn. Sampla d’am go bhfuil smacht ag mo smaointe ormsa ná nuair a dhúisím le linn na hoíche agus níl mé in ann titim ar ais i mo chodail toisc go bhfuil mé ag smaoineamh. Tosaím ag smaoineamh ar mo mháthair agus a breithlá, ansin smaoiním ar an Nollag agus go raibh sé aisteach de bharr Covid agus go mbeidh sé níos aistí arís an bhliain seo chugainn mar tabharfaidh mé faoi deara níos mó nach raibh m’uncail ann. Ansin tosaím ag smaoineamh ar shochraid m’uncail agus na comhráite deireanacha a bhí againn agus ansin tá mé ag smaoineamh ar Aoife agus sochraid Aoife agus ar aghaidh agus ar aghaidh agus ar aghaidh. Go dtí go bhfuil mé feargach liom féin toisc go bhfuil an locht orm féin nach bhfuil mé in ann codail agus mé ag smaoineamh an méid seo. Problems occur with our thoughts when we cannot stop them. During my 10 days of silence course that catapulted me into the world of teaching mindfulness they spoke to us about gaining control of our minds so that our minds don’t have control of us. An example of a time that my mind has control over me is when I wake up in the middle of the night and I then can’t fall back to sleep. It will start with me thinking of my mum and her birthday, I’ll then think of Christmas and how it was a bit weird because of Covid but next year might be even more weird when it will feel even more evident that my uncle isn’t with us. I might then start thinking about my uncle’s funeral and the last conversations I had with him. Then I’m thinking about Aoife who past away just before Michael and what was the last thing I said to her and on and on and on until I’m angry with myself for still being awake and it’s all my own fault because I kept thinking. An aithníonn éinne againn an nós sin? Ar tharla sé duitse riamh? Tarlaíonn sé domsa fiú agus mé i ndiaidh blianta d’aireachas a chleachtadh. Sula ndearna mé an cúrsa 10 lá sin bhí seachtain mhaith codalta agam agus mé ag codail go maith dhá oíche, anois is droch-seachtain é más rud é go bhfuil dhá oíche de dhroch-chodail agam, mar sin tá feabhas tagtha ar rudaí ach tarlaíonn sé go fóill, faraor! Mar sin, más rud é go bhfuil tú nua ag cleachtadh aireachais nó má tá cleachtadh seanbhunaithe agat má tá go leor leor smaointe agat an t-am ar fad agus ní ciallaíonn na smaointe sin go bhfuil tú á dhéanamh mícheart. Can anyone identify with this? Has this happened to you? Although I have a regular meditation practice and I have for at least 3 years now it still happens to me. That being said, before I did the 10 day retreat I had a good week if I had two good night’s sleep in a week, now if I have two bad night’s sleep in a week it’s a bad week, so it’s an improvement. But whether you are a new meditator or a dab hand at meditating and have been doing it for years you will still have lots of thoughts all the time and this does not mean you are “doing it wrong”. Le linn seisiúin aireachais an rud atá tú ag iarraidh a dhéanamh le do smaointe ná iad a aithint. Ní stopfaidh tú iad agus níl tú ag iarraidh iad a stopadh ach le cleachtadh beidh tú in ann seasamh siar uathu agus iad a fheiceáil agus gan a bheith ceangailte leo agus gan iad a aithint. Is maith liom an íomhá den abhainn a úsáid; samhlaigh go bhfuil tú i do shuigh in aice le habhainn agus tá tú ag iarraidh fanacht ar bhruach na habhann. In ionad uisce a bheith san abhainn seo, do smaointe atá ann. Má fhanann tú ar an mbruach tá tú in ann na smaointe a fheiceáil, ligeann tú dóibh teacht isteach, aithníonn tú go bhfuil siad ann agus imíonn tú leo gan tú féin ag cruthú scéil nó aon rud thart orthu. Gach uair go bhfeiceann tú smaoineamh agus imíonn tú leis ie tosaíonn tú ag smaoineamh agus imíonn tú go domhain éigin eile, nuair a aithníonn tú sin tagann tú ar ais chugat féin agus ar ais go bruach na habhainn. An cleachtadh atá i gceist le haireachas ná an teacht ar ais sin. Caithfidh tú cleachtadh a dhéanamh ar teacht ar ais chugat féin, ar ais go dtí an anáil nó ar ais go dtí na mothúcháin atá agat san am i láthair. When you are meditating, what you are trying to do with your thoughts it to recgonise them as thoughts and to step back from them without getting caught up with them or believing them completely. I like to use the image of a river. Imagine you are sitting on a riverbank Tá siúl agam go luíonn sé sin ar fad le ciall agus go dtuigeann sibh céard atá i gceist agam. Má tá ceist ar bith eile agat cuir scéal chugam agus tar ar ais an tseachtain seo chugainn nuair a labhróidh mé faoin gcaoi gur ‘ceart’ duit a bheith i do shuigh nó i do luigh agus tú ag cleachtadh aireachais. I hope that all makes sense, if anyone has any questions please don't hesitate to contact me. Next week I'm going to talk a little about the 'right' way to sit or lie when you mediate, or is there a right way...? You'll just have to come back to find out! An tseachtain seo, d’fhogair mé mo chéad cúrsa teaghlaigh don bhliain. Cúrsa Relax Kids a bheidh ann. Le linn gach rang Relax Kids téann muid trí seacht gcéim ina iomláine. Idir seo agus tús an chúrsa, ar an gCéadaoin, 3 Márta tabharfaidh mé cur síos duit anseo ar na céimeanna sin. Beidh an cúrsa ar siúl ar feadh 6 seachtain ag 4.30in gach Céadaoin agus tá sé feiliúnach don chlann ar fad, ach go háirithe páistí ag aois bunscoile ach bainfidh na páistí níos sine agus níos óige sult as píosaí éagsula de na ranganna.
This week I launched my first family Relax Kids course of the year. Every class of a Relax Kids course includes seven steps. I am going to use this blog for the next few weeks to explain exactly what those steps are and what happens during each Relax Kids class. The course I will be running will be a 6-week course starting on Wednesday, 3rd March at 4.30pm and it is suitable for all families, particularly families with primary-aged children but older and younger children will enjoy different parts of the class. each course is completely tailored to the needs of the participants so everyone is welcome! And as it is an online class you can be located anywhere as well! Tosaíonn muid gach rang le trí anáil domhain, isteach tríd an srón agus amach tríd an bhéal. Cabhraíonn an anáil seo linn féin a shuaimhniú agus a shocrú síos le go mbeidh muid réidh le tabhairt faoi rudaí nua. Iarraim ar gach duine na lámha a chur ar a mbolg aon am go ndéanann muid anáil domhain leis an anáil a mhealladh síos go dtí an bolg. Go minic nuair a thógann muid anáil bíonn sé gearr agus éadomhain agus má táimid ag iarraidh na anála a úsáid leis na intinn a chiúine caithfimid é a mhoilliú síos agus ligint den aer isteach sa bholg. Every class starts with three deep breaths in and slowly out. Focusing on the breath and the use of the breath is a great way to calm the busy mind and it is the perfect way to start anything new or different. After taking three breaths with their hands on their belly the participants are ready for whatever new thing we will be doing! I always ask children and adults alike to have their hands on their belly during the deep breaths as it encourages the breath to elongate and to reach as far down as their belly. We so often have shallow, short breaths but when we focus on the breath and can make it longer and deeper we are automatically quietening our minds as we are taking the attention away from our thoughts and into our bodies. Nuair atá sin déanta againn agus nuair a thuigeann gach duine céard a tharlóidh sa rang, seasann muid ar fad suas agus tosaíonn muid ag bogadh. Critheann muid amach ár gcolainn agus ag léimt thart agus ag fáil réidh le uair an chloig spraoi agus craic! Ansin imríonn muid cluichí; iarraim ar na páistí ligint orthu féin gur ainmhí éagsula iad. Is breá liom féin an eilifint a dhéanamh agus moncaí, capall agus coinín. Uaireanta iarraim ar na gasúir insint dúinn faoin ainmhí is fearr leo agus déanann muid sin chomh maith! When this is done and when everyone understands exactly what will be happening during the class, we stand up and we start moving. We shake out our arms and legs and our bodies to release tension and to warm ourselves up to get started. Then we play some games. The games have had to change a little due to the online aspect of the classes now but they’re always a lot of fun! One of my favourite games is to pretend to be different animals; I love doing the elephant and the monkey and the rabbit and sometimes the children will tell me what animals they love and we’ll give them a go too! Dár ndóigh, bhí ar na cluichí athrú beagán agus muid anois ar líne ach fós féin bíonn go leor spraoi againn. Deirim ráitis agus bíonn ar na páistí léimt chun tosaigh má tá sé fíor agus léimt siar muna bhfuil sé. Tá réalta beaga agam le focail orthu agus feiceann na páistí iad agus ansin bainim ceann nó dhó agus caithfidh siad smaoinigh ar céard a bhí ann roimhe sin. Another game is that I say a statement and if it’s true the children and their parents jump forward and if it’s false the jump backwards, I also love getting everyone to make some noise or playing memory games. Sprioc ollmhór atá agam le linn gach rang teaghlaigh ná go mbainfidh na páistí sult as agus le linn an chéad chuid den rang déanann muid go leor leor rudaí le go mbeidh am maith acu! Beidh an cúrsa seo ar siúl ar Zoom agus tá an t-eolas ar fad ar fáil anseo. One of the main aims of every family class I teach is that the children have fun and the first part of the class is all about fun and jumping around and doing whatever we need to to get moving. All of the information on this upcoming course is available here. Le tuilleadh eolais a fháil ar Relax Kids agus na táirgí álainn ar fad a chuireann siad ar fáil cuir scéal chugamsa ar solasrelaxation@gmail.com nó téigh go suíomh Relax Kids anseo. Freisin, beidh mé ar ais arís ar an Luan ag 6in ar mo leathanach Facebook anseo le píosa aireachais eile ón leabhar The Wishing Star. I mBéarla a bheidh sé ach má tá píosa aireachais uait i nGaeilge bígí i dteagmháil liom agus beidh mé in ann rud éigin a dhéanamh duit. Agus déan cinnte go dtagann tú ar ais an tseachtain seo chugainn le fáil amach céard a tharlaíonn le linn an darna cuid den rang! Relax Kids have so many beautiful products and packs they provide for parents and children. You can always contact me on solasrelaxation@gmail.com if you have any question or you could go to the Relax Kids website here. I will be live on my Facebook page Solas Relaxation agus Relax Kids on Monday evening at 6pm (GMT) reading from one of the beautiful Relax Kids books, The Wishing Star and make sure to come back here next week to find out what the next steps in a Relax Kids class are. Bíodh deireadh seachtaine álainn agaibh ar fad agus má tá ceist ar leith agaibh maidir le rudaí suaimhneacha nó aireachais bígí i dteagmháil liom! Have a beautiful weekend, whatever it is you get up to and if you have any mindfulness or relaxation questions please send me a message xx Grá mór, Katie |
AuthorKatie McGreal, bunaitheoir Solas Relaxation/the founder of Solas Relaxation Categories
All
Archives
September 2021
|